User:Féinléiriú/Naomh Bríd

From RationalWiki
Jump to navigation Jump to search
Léiriú Bríde le bachall agus lampa, ón lár na Críostaíochta, sin le rá, Macron Georgia
Christ died for
our articles about

Christianity
Icon christianity.svg
Schismatics
Devil's in the details

Naomh Bríd ar dhuine de na naoimh is tábhachtaí in Éirinn. Meastar go raibh sí ar an saol idir an bhliain 451 agus 525 CR. Broccán Clóen, cléireach ón seachtú aois a scríobh an príomhfhoinse shaol Bríde uair éigin san aois sin na ach níl mórán faoina shaol ar an eolas. Roinneann sí a hainm le Bandia Gaelach a thugann le tuiscint go raibh daoine trí chéile nó gurb athinsint miotais Cheiltigh é scéalta Bríde. Níl fianaise shoiléir gurbh ann di. Is í naomhphátrún na hÉireann, na mban déirí, na mban glúine, na mban rialta Gaelach, an eallaigh agus na leanaí nuabheirthe. Is naomhphátrún an ghinmhillte í freisin ach go neamh oifigiúil.

Níor chóir go meascfaí í le Naomh Bríd na Sualainne, bean rialta agus misteach ón 14ú aois a bhfuil níos mó seans gurbh ann di.

Taifid[edit]

Scríobh Broccán Clóen (Cé? N'fheadair!) faoi shaol Bríde. Bhí sé ar an saol blianta i ndiaidh bhás Bríde, ní raibh sé in ann bualadh léi (seo ag glacadh leis gurbh ann don bheirt acu). Níl cuid is mó de na foinsí níos cruinne faoi na dátaí a shaoil ná Broccán. Deireann an Chiclipéid Chaitliceach go bhfuair sé bás sa bhliain 650 CR ar an 7ú Meán Fomhair, ach tá sé ró chruinn i gcaoi amhrasach. Is beag an t-eolas stairiúil atá ar fáil faoi Bhroccán, tá cuma air gurbh iomaí daoine a raibh an t-ainm céanna orthu.

Is iomaí daoine a d'athinis scéal Bríde, ach d'easontaigh siad go mór faoi na sonraí, ach ceaptar go bhfuil siad deascríofa. Is cuid díobh ná seo a leanas:

  1. Naomh Broccán Clóen, manach ó Chill Dara
  2. Cogitosus, manach eile ó Chill Dara, a scríobh a chuntas as Láidin
  3. Naomh Ultan
  4. Naomh Ailearan
  5. Caolán, manach san 8ú aois, a scríobh faoi shaol Bríde le réamhrá le San Donatus (easpag Fiesole i dTuscáin, An Iodáil)

Seanchas[edit]

Rugadh í i nDún Dealgan, Cuntae Lú sa bhliain 451 nó 452 CR. Ba de chlann ríoga í. Is iomaí foinsí atá cinnte faoi seo ach tá siad ag déanamh cóipe de chuntas Clóen ag glacadh leis nach n-inseodh sé bréag. Deireann roinnt foinsí gur sclábhaí a máthair agus gur thaoiseach a hathair, darbh ainm Dubhthach. Bhí sí báite i gceiliúir phósta ach shéan sí gach ceann acu agus chuaigh sí sna mná rialta ina n-ionad. Bhunaigh sí clochar i gCill Dara agus is as sin a dtagann foinse na hardeaglais atá ann anois. Ba chara le Naomh Pádraig í agus le daoine cáiliúla eile den Eaglais Cheilteach. Bhunaigh sí scoil ealaíne, a rinne ealaín ó mhaisiú lámhscríbhinní go miotalóireacht. Tháirg an scoil seo leagan fíorálainn den Bhíobla ach cailleadh é faraor.

De reir traidisiún fuair sí bás i gCill Dara ar 1ú Feabhra, 525. Tógadh a taisí chun Dúin Pádraig timpeall 878, cailleadh iad, agus aimsíodh iad aríste sa bhliain 1185. Adhlacadh cuid is mó dí an bhliain dár gcionn, ach cuireadh cás miotail ar a lámh agus tá sé le fáil i Lumiar sa Phortaingéil. Tá cuid dí i gCologne sa Gearmáin freisin. Deirtear go bhfuil a sháith taistil ag a ceann.

Seafóid[edit]

Is iomaí scéalta siamsúla fúithi agus na míorúiltí a rinne sí. Ba í an Chríostaíocht an phríomh-fhoinse na siamsaíochta sna laethanta roimh theacht na teilifíse.

D'ainneoin an theagasc na hEalgaise a chuireann cosc ar ghinmhilleadh tá scéal ann fúithi go ndearna sí ginmhilleadh nuair a d'éirigh bean rialta torrach i gcás mistéireach. Bhain Bríd an ghin gan pian gan breith. Dá bharr sin ceiliúrann daoine in Éirinn ar son rogha í mar Naomh an ghinmhillte agus an chéad duine a chuir ginmhilleadh ar fáil in Éireann.

Mar a deirtear cheana féin bhí fir á hiarraidh an t-am ar fad ach bhí t-ádh ag fear amháin acu, Dubhthach Mac Lugair: Dúirt Bríd dó a dhul ar siúl i gcoill go n-aimseodh sé bean dó féin. Rinne sé amhlaidh agus féach bhí sé pósta!

Scéal eile a bhain lena háilleacht, ghuigh sí go ndéanfaí gránna í agus rinneadh amhlaidh go dtí gur ghlac sí móid na mban rialta agus rinneadh bean rialta di.

Scéal cáiliúil eile ná go raibh sí ag argóint le tiarna talún i gCill Dara. Bhí áit chun clochar a bhunú á lorg aici. Rinne sí conradh leis an tiarna go bhfaighfidh sí méid talún is a chlúdóidh a fallaing. Nuair a chuir sí a fallaing ar an talamh d'fhás an fallaing gur clúdaíodh acraí.

De réir traidisiúin, d'fhreastail sí ar Bhreith Chríost, ach glactar leis gur tharla seo blianta (ceithre chéad bliain ar a laghad) roimh bhreith Bríde. Tá seans ann gurb athinsint scéil ina raibh taibhreamh ag Bríd na Sualainne ar an mBreith agus níl baint ar bith aige le Bríd na hÉireann.

D'iolraigh sí bia mar is gnáth do Naomh.

Bandia[edit]

Ealaín[edit]