User:Féinléiriú/Oíche Shamhna

From RationalWiki
Jump to navigation Jump to search
Cad a chuirfeadh Íosa ina puimcín? An imeodh sé leis chun eaglaise nó rachadh i bhfolach ar chúl an sheomra shuite leis na soilse múchta?... nó an dtapfadh sé an deis órga seo chun a ghrá a roinnt léi?
—foscríbhinn pictiúir de chailín beag ag déanamh bob nó bia ar Chick.com, suíomh de chuid Jack Chick[1], eagarthóir de leabhráin Chríostaí sa Mheiriceá. An plean atá aige ná gur féidir le duine leabhrán Críostaí a tabhairt don pháiste in áit milseán

Is í Oíche Shamhna ná ceiliúradh tradisiúnta a tharlaíonn ar an 31ú lá Meán Fomhair gach bliain (an oíche díreach roimh mí na Samhna). Ceiliúrtar is mó í sna SAM, i gCeanada, in Éireann agus sa RA. Ceiliúrtar gach rud atá taibhsiúil inti, gléasann páistí suas cosúil le harrachtaí, snoítear aghaidheanna i bpuimcíní agus craoltar scannáin dhona uafáis ar an teilifís.

Tagann an t-ainm as Gaeilge ón ainm sean-dé ceiltigh (seo le míniú). Tagann an t-ainm as Béarla ón Albainis Hallow E'en[2], an lá roimh an lá saoire Críostaí Lá na Naomh Uile ar an 1ú Samhain.

b'fhéidir labhair faoi na tréithe Oíche Shamhna in Éireann anseo freisin

Oíche an Diabhail[edit]

Bíonn Críostaithe Bunúsaíocha i gcoinne Oíche Shamhna. Sampla maith de seo ab ea Jack Chick[notes 1] ina thrácht darb ainm "The Devil's Night" ina maíonn sé go dtagann an féile ón ré réamh-chríostaí i Sasana mar ar ghuigh draoithe Dia an Bháis darbh ainm Saman[notes 2]. De réir an tráchta, tagann bob nó bia ón gcaoi a dtéadh na draoithe ó dhoras go doras ag iarraidh bronntanais bhia ar son a ndéithe. Mura dtabharfaí bia dóibh, d'íobróidís páiste amháin den chlann sa teach. D'fhágfadh siad jack-o-laindéar ina ndiaidh le nach ndéanfaí tuilleadh dochair don teach.[3] Deireann ceann eile dá thráchtanna darb ainm "Boo" scéal den chineál céanna ach maíonn sé go bhfuil sátanaigh nua aimseartha ag déanamh íobairtí fós. Léirítear draoi a bhfuil Ankh[notes 3] Éigipteach aige sa trácht seo a chuireann cor ar an scéal.[4] Léirítear jack-o-laindéir déanta as puimcíní sa dá thrácht freisin d'ainneoin nach raibh puimcíní ann sa Bhreatain ag an am sin (is mó seans go n-úsáidtí turnapaí).[notes 4] D'fhoilsigh Jack Chick an maíomh céanna faoi Oíche Shamhna ina ghreannán "Spellbound?" sa sraith "Crusaders" sa bhliain 1978. Mhaigh an greannán seo go dtagann an inspioráid do rac-cheol ó dhraoithe. John Todd ab ea an príomh fhoinse don ghreannán "Spellbound?"

Rinne David Brown maíomh cosúil leis an gceann a rinne Jacl Chick i leabhar a foilsíodh sa bhliain 1998. Maíonn sé go dtagann bob nó bia ón cleachtas ina n-ofráiltí bia do dheamhain [5] agus go dtagann íomhá nua aimseartha den "Grim Reaper"[notes 5] ón Dia Ceilteach an Bháis.[6] Cheap David Brown de thaisme gur dia é Samhain, ach i ndáríre is féile é. Ceaptar gurb é Crom Cruach Dia na hÍobairte[7], nó Donn Dia an Bháis[8] an dia a bhain leis an Samhain.

Mar fhreagra ar an leabhar a scríobh Brown, áitíonn an nuapháganach Kerr Cuhulain nar Dhia an Bháis é Samhain, ach miondia a bhain le heallach. Gwynn Ap Nudd, Bile, Donn, Beli, nó Arawn ab ainm don Dia an Bháis, ag brath ar an tír. Molann Cuhulain go dtagann an nóisean gur Dia an Bháis é Samhain ó leabhar le Ray Bradbury sa bhliain 1973 darb ainm "The Halloween Tree".[9].

I ndáiríre, baineann Oíche Shamhna leis na mairbh mar tá sé ar an lá roimh Lá na Naomh Uile. Féile Críostaí is ea é, a chéiliúrann an chomaoin na Naomh, daoine creidmheacha a d'éag agus atá le hÍosa i Neamh.[10] Sa Mheicsiceo, faoi thionchar Meán-Mheiriceánach, d'athraigh sé go Lá na Marbh. Tá an aitheantas as an bhféile sin leis na hAstacaigh, agus bhí tionchar acu ar an gcaoi a gceiliúrtar Óiche Shamhna sa Mheiriceá, ach is beag an tionchar a bhí ag na Ceiltigh.[10] Is ait go n-aithisíonn Críostaithe Bunúsaíocha an féile ó tharla go bhfuil an bás, an t-aiséirí agus an saol eile a bhaineann leis an bhféile ina n-ábhair mhór sa Chríostaíocht. Bhéifeá ag súil le féile mar sin.

Nótaí[edit]

  1. Bunathóir, úinéir agus eagarthóir foisleacháin darb ainm Chick Publications ab ea Jack Chick. Rinne Chick Publications greannáin leis an aidhm daoine a iompú chun Protastúnachais Shoiscéalaigh
  2. Samhain b'fhéidir, ach ní Dia é Samhain
  3. rud cosúil le crosa ach tá lúb ar bharr an chrosa
  4. a bheith cothrom don trácht, déanann sé cur síos ar rud cosúil le puimcín, ach tharraing an maisitheoir puimcín.
  5. Bainteoir, ach baineann sé anamacha, spealadóir más maith leat

Tagairtí[edit]

  1. as Béarla ó thús: What would Jesus drop into her pumpkin? Would Jesus run off to church or hide back in the TV room with the front lights off?... Or would He use this golden opportunity to share His love with her? Quote on Fundies Say the Darndest Things
  2. "Halloween" on Etymology Online
  3. The Devil's Night on Chick.com
  4. Boo! on Chick.com
  5. David Brown, "Halloween Specifics" on Logos Resource Pages
  6. David Brown, "The History of Halloween" on Logos Resource Pages
  7. Annála na gCeithre Máistrí, bunachar téacs leitrigh UCC
  8. Ó hÓgáin, Dáithí. Myth, Legend & Romance: An encyclopaedia of the Irish folk tradition. Prentice Hall Press, 1991. pp. 165–66
  9. Kerr Cuhulain, "David Brown (1)" on Witches' Voice
  10. 10.0 10.1 Hutton, Ronald. The Wheel of the Year: The ritual year in England (Oxford, 1993)