Naomh Pádraig

From RationalWiki
Jump to navigation Jump to search
This is an Irish translation of Saint Patrick.
A Pháidí, a bhuachaill.
Christ died for
our articles about

Christianity
Icon christianity.svg
Schismatics
Devil's in the details

Sa mhiotaseolaíocht Chaitliceach Romhánach, Is é Naomh Pádraig (Saint Patrick as Béarla) ná naomhphatrún na hÉireann. Rugadh é sa Bhreatain i ndáríre[1][2] (nó sa Fhrainc b'fhéidir),[3][4] nuair a bhí sí faoi smacht na hImpireachta Romhánaí. Fuadaíodh é nuair a bhí sé dhá bhliana deag d'aois agus tugadh chun na hÉireann mar sclábhaí. D'éalaigh sé ar ais chun na Breataine, ansin d'fhill sé ar ais go hÉirinn mar mhisnéir Chríostaí chun na págánaigh a iompú. Tharla go raibh teacht Críostaíochta in Éireann go han-mhaith.

Níl a dhátaí ar eolas, ach cothrom an 5ú aois luaigh Cumméne é sa bhliain 622 nó 623 ach níor luadh é i bhfoinsí níos luaithe[5] Is iad scríbhinní de chuid Phádraig ná roinnt den dornán leabhar a chuireann síos ar an mBreatain sa ré idir dheireadh an Rialtais Romhánaigh agus teacht na nAnglach agus na Sasanach.

Is féile sona é Lá Fhéile Phádraig (nó Lá le Pádraig) ar an 17ú lá Márta agus leiscéal chun an glas a chaitheamh agus a lán leannta dubha agus uachtar gaelach a ól (leiscéal chun dul ar an ól i gcoitinne). Tugtar 'St. Paddy's Day' air in Éirinn ach tugann meiricánaigh 'St. Patty's Day' air, is dócha mar ní féidir leo seal a chaitheamh gan smaoineamh ar bhurgair.

Finscéalta[edit]

  • De réir finscéil dhíbir sé na nathracha as Éirinn. Má tá an scéal le creidiúint go litriúil, bheadh sé níos éasca dá mbeadh lorg ar bith ar nós iontaisí ann go mbíodh nathracha in Éirinn. Ba iad an Oighearaois agus an Muir Éireann a choisc na nathracha leisciúla ar dul chun na hÉireann.[6]
  • D'úsáid sé seamróg chun an trionóid a mhíniú.[7] Ní théann an scéal seo ar ais ach go dtí 1726, níos mó ná 1200 bliana i ndiaidh do Phádraig bás a fháil.[8]
  • Chun dul in iomaíocht draoi i scrúdú faoi cén Dia a bhí níos láidre, d'fhliuch siad agus dhóigh siad a leabhair naofa chun cén ceann acu a mhairfeadh a fheiceáil. Chuaigh siad isteach foirgnimh i ndiaidh a bhfallaingí a mhalartú le chéile agus ansin loisceadh na foirgnimh. Maítear gur dhóigh an draoi chun báis istigh fallaing Phádraig ach mhair Pádraig agus fallaing an draoi dóite timpeall air. Ba chóir gur léir dó dhaoine a léigh a bíobla riamh cad as ar tháining an scéal seo ó thús.

Isteach agus amach le beirt Phádraig[edit]

Molann T.F. Ó Raghallaigh go tagraíonn na finscéalta faoi Phádraig do Phalladius ó thús, easpag a sheol an Pápa Celestine I chun Éireann sa bhliain 431 CR. Léirigh an beathaisnéisí Tírechán é mar phearsa níos crua, ar nós Chuck Norris, ag troid draoithe agus ag milleadh íol págánach. Is ann do dhá scríbhinn le Pádraig, is féidir gur cur síos níos iontaofa ar a shaol iad ach níl ceann amháin fiú dá mhiotais cháiliúla iontu - An Fhaoistin (Confessio) agus Litir chun na saighdiuirí i gCoroticus. Dá bharr sin tá teoiric ann gurbh ann do bheirt phearsa ar meascadh a dhá scéal chun an miotas Phádraig a chumadh.[9]

Féach freisin[edit]

I dteanga eile[edit]

If you're looking for this article in English, it can be found at Saint Patrick.

Sankta Patriko estas versio de ĉi tiu artikolo en Esperanton.

Naisc sheachtracha[edit]

Saothair de chuid Pádraig as Laidin agus Béarla ar Wikisource.

Tagairtí[edit]