User:Féinléiriú/Eaglais Cheilteach

From RationalWiki
Jump to navigation Jump to search
Christ died for
our articles about

Christianity
Icon christianity.svg
Schismatics
Devil's in the details

Is í an Eaglais Cheilteach ná aonán leathmhiotasach a bhí ann in iarthuaisceart na hEorpa sa chuid dheiridh na chéad mílaoise. De bhrí go n-úsáidtear an focal ceitleach amhail is dá gciallódh sé daoine ab as Eoraip ó dhúchas[1], ceanglaítear go minic iad le haislingí uirbeacha faoin dúlra agus saol ársa. Léiríonn an cacamas atá amuigh ansin gur fíor sin.

Fantaisíocht[edit]

Mar a oireann dá hainm, is iomaí míthuiscintí ann a choinníonn an fhírinne faoi cheilt. Roinnt míthuiscintí coiteanna:

  • Ba Nua-Aois an Eaglais roimh ré, a bhíodh lán de draoithe, a ghrádh plandaí agus ainmhithe agus an saol mór amuigh faoin spéir.
  • Ba Eaglais neamhspleách í.
  • Bhí a paidreacha as Béarla (agus níor chualathas cuid díobh go an 19ú aois agus an 20ú aois).
  • Ba mhaith leo cláirseacha agus sintéiseoirí.
  • Ghuídís carraigeacha.
  • Ní throididís cogaí.

Tá na pointí seo beartaithe ionas go bhfuil an Eaglais inghlactha do Chríostaithe meánaicmeacha.

I ndáiríre[edit]

D'ainneoin a gceaptar, ní raibh sí scartha ó Eaglais Chaitliceach na Róimhe in aon chor, níorbh ach roinn scoite í, a gearradh den Róimh trí sraith ionraí Gearmánacha agus trí ghuaiseachtaí daonra i dtuaisceart na hEorpa. Dá bharr, d'fhorbair sí saintréithe mar abaí oidhreachtúla, coirneacha aite, agus a caoi féin chun dáta a chur leis an gCáisc. Réitíodh iad seo sa shionad Whitby, nuair a rinne cácas na Vatacáine bulaíocht uirthi chun na botúin siúd a cheartú.

Roinnt fíorfhíricí faoin Eaglais cheilteach:

  • Tháirg sí lámhscríbhinní áille. Rinneadh cuid de na saothair mhaisithe san iarthar Eorpa sa tradisiún seo, a chuimsíonn an Leabhar Cheanannais agus an Soiscéal Lindisfarne.
  • B'iomaí naomh a bhí aici, cuid díobh nach gcloisfeá riamh.
  • Ní ach leaganacha Chríostaí de déithe págánacha iad cuid dá naoimh, mar Naomh Bríd, ach ní raibh claonadh aici a bheith níos págánaí ná an chuid eile den Eaglais Chaitliceach.
  • Bhí cuid daoine dá cléir ina ngaiscígh agus ina státairí, mar Colm Cille.
  • Chabhraigh siad leis an Chríostaíocht a chraobhscoileadh i Sasana (sa tuaisceart go áirithe) agus bhunaigh siad institiúidí oideachais ar fud an iarthair na hEorpa.
  • Níor scríobh duine ar bith acu paidreacha as Béarla bláthach, ach bhí roinnt daoine acu in ann Angla-Shacsainis a labhairt.
  • Thaitin leo a bheith ina ndíseartaigh, agus a bheith ina gcónaí ar oileáin bheaga, sin cinnte.
  • Bhí cead ag a cléir pósadh. Is iomaí sloinne in Éirean agus in Ablain a bhfuil foinse eaglasta acu, mar shampla Mac an Abbadh (Mac an Aba), Ó Fógartaigh, Mac an Phearsain, srl. Ach, tabhair faoi deara, nach raibh sé as gnáth go bpósfadh baill den chléir ag an am sin. Cé go raibh cosc ar phósadh sa chléir Laidineach, cuireadh suas leis go dtí an 11ú aois.

I ndeireadh, scrois an Reifirméisean a lán tradisiún go deo, in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i gCorn na Breataine go háirithe.

Naisc sheachtracha[edit]

Nótaí[edit]

  1. i.e. an ról atá ag Meiriceánaigh Dhúchasacha, bundúchasaigh na hAstráile bundúchasaigh in áiteanna eile.