Colm Cille

From RationalWiki
Jump to navigation Jump to search
This is an Irish translation of Saint Columba.
Colm Cille, a shamhlaigh duine blianta níos déanaí nach bhfaca é riamh
Christ died for
our articles about

Christianity
Icon christianity.svg
Schismatics
Devil's in the details

Is é Colm Cille (as Béarla Saint Columba) Naomh Gaelach leathfhinscéalach a bhain leis an gCríostaíocht Cheilteach agus bhí cáil air as a thaistil in Albain, mar a ndearna sé a lán seanmóireachta. Is cinnte gur thaispeáin sé crógacht ag trasnú na mara go hAlbain i mbádín, ach tá scéalta foai ann nach bhfuil inchreidte, a chuimsíonn an uair ar bhuail sé leis an Ollphéist Loch Nis, an uair ar aiséirigh sé na mairbh agus an uair ar dhíbir sé deamhan as búicéad bainne. Ar nós naomh eile, ní raibh saol pearsanta thar moladh beirte aige a chuimsíonn sárú cóipchirt agus tosú éirí amach inarbh fhéidir go bhfuair trí mhíle duine bás.

Saol[edit]

De réir traidisiúin, rugadh é sa bhliain 521 CR i nGartán, anois i nDún na nGall, Éire. Ba de mhuintir Rí Niall Naoi nGiollach é is dócha. Níor léir cad ab ainm dó ó thús, ar ainmníodh é nó ar ainmnigh sé é féin. Theagasc an Eaglais in Éirinn é sula ndearnadh manach de i gCluain Ard (anois i mBéal Feirste) nuair a bhí sé fiche bliain d'aois. Díbríodh go hAlbain é sa bhliain 560 CR de bhrí aighnis faoi an raibh cead aige saltair a chóipeáil. Chuaigh sé isteach sa phobal Gaelach a bhí ar an gcósta thiar agus bhunaigh sé mainistir ar Oileán Í a mhair ar feadh na gcéadta bliain atá ann fós mar phobal Críostaíochta agus tearmann creidimh.[1] Thaisteal sé ar fud na hAlban ag iompú na gCruithneach ach ní léir cé mhéad daoine a d'iompaigh sé. De réir tuairisce bhuaigh sé meas an Rí Bidei I Fortiu, ach tá fianaise in easpa le rá ar iompaíodh Bridei.[2] Táthar á chéistiú ar ghlac sé teagasc na Róimhe faoi chúrsaí mar dáta na Cásca agus ar thug an Pápa cead dó dul ag taisteal na hAlban.[3] Fuair sé bás ar Oileán Í sa bhiain 597 CR agus adhlacadh é ann.[4]

Finscéalta[edit]

Is iomaí scéalta atá ann faoi Cholm Cille in Éirinn agus in Albain araon.

Aighneas cóipchirt[edit]

Timpeall an bhliain 560, chuir sé aighneas ar Naomh Fionnán faoi chóipeáil saltrach (leabhar na Salm). Géaraíodh an t-aighneas go dtí go ndearnadh coimhlint armtha de sa Chath Cúil Dreimhne, a troideadh i gCairbre Drom Cliabh (i gCuntae Sligigh). De réir dealraimh, rinne Colm Cille cóip gan chead, agus dhiúltaigh Fionnán ach mhaígh Colm Cille gur chuma dó. Rialaigh Rí Diarmaid in aghaidh Choilm (Deirtear go ndúirt sé "do ghach bó a lao is do ghach leabhar a chóip")[citation needed] agus thosaigh sé éirí amach in aghaidh an Rí le cabhair óna theaghlach óglach agus baill eile den fhine Uí Néill. Ba é toradh na coimhlinte ná trí mhíle duine gortaithe nó marbh.[5][6]

Neasaí[edit]

Ar an 22ú lá Lúnasa, deirtear gur stad sé ag Loch Nis ar a bhealach ag cuartú an Rí na gCruithneach. De réir dealraimh, bhí ollphéist tar éis daoine áitiúile a ionsaí agus mharaigh sí duine. Theastaigh ó Cholm dul trasna an locha agus d'inis sé do dhuine dá fhir an loch a snámh chun bád a fháil ón taobh thall. Toisc go raibh an fear umhal, nó amhrasach faoi ollphéistí, léim sé isteach. D'ionsaigh an ollphéist é ach d'ardaigh Colm a lámh agus d'inis sé don ollphéist "Ní rachaidh tú níos faide agus ní thadhlóidh tú an fear, teigh ar ais díreach". Chuir seo eagla ar Neasaí agus theith sí, agus bhí Colm Cille agus a chairde in ann leanúint ar aghaidh gan bheith ite.[7]

Ní chreideann roinnt daoine an cúntas seo. Bhí Saol Cholm Cille scíofa blianta níos déanaí ag Ádhamhnán Í (624-704). Tá leaganacha eile den scéal ann nach réitíonn le chéile ar sonraí tábhachtacha mar shampla ar aiséirigh Colm Cille an fear a mharaigh an ollphéist (b'in an saghas ruda a chuimhneofá agus a chuimseofá in aon chúntas).[8] Agus an eilifint sa seomra, nach ann d'ollphéist i Loch Nis. Ba dheacair bualadh leis an ollphéist mar ní hann d'ollphéist.

Spraoi eile Ádhamhnáin[edit]

Caithfidh gur léamh sceitimíneach é an scéal Saol Cholm Cille le hÁdhamhnán. De réir foinse Chríostaí amháin, "Rinne sé fíon d'uisce ar nós Íosa, tharraing sé uisce de charraig ar nós Maoise, chuir sé dol éisc ar fáil, mhéadaigh sé tréad eallach, dhíbir sé deamhan as buicéad bainne agus leigheas sé na heasláin. Ní féidir leabhar ina sheilbh a mhilleadh le huisce. Scrois sé torc le paidir, Choisc sé péistí ar dochar a dhéanamh ar na daoine ar oileán éigin. D'fhreastail Aingil agus comharthaí sholas Dé air le linn a shaoil." [8]

Níor bhuail Ádhamhnán le Colm Cille riamh, de bhrí gur rugadh é roinnt blianta tar éis bás a fháil do Cholm. Ó tharla gur fhreastail sé ar an mainistir a bhunaigh Colm Cille, bhí fonn air a réamhtheacthaí a chur chun cinn. Bheadh cuma air gur phearsa aduaine é Colm Cille, a rinne beagán thaistil agus beagán seanmóireachta, gan cuntas Adhamhnáin.[9]

Oidhreacht[edit]

Is pearsa tábhachtach é in Éirinn agus in Albain araon, áirítear é ar duine de na naoimh Ghaelacha is tábhachtaí, in éineacht le Naomh Pádraig agus le Naomh Bríd. Is é ainm Cholm Cille an t-ainm eaglaise is coitianta in Albain mar ar chuir sé manachas chun cinn go mór ann.

Tagairtí[edit]

  1. Iona Community
  2. See the Wikipedia article on Bridei I.
  3. St Columba, Catholic Encyclopedia, 1910
  4. See the Wikipedia article on Columba.
  5. See the Wikipedia article on Battle of Cúl Dreimhne.
  6. St Columba and the Isle of Iona, History Magazine/Historic UK
  7. On this day in 565: St Columba spotted the Loch Ness Monster, The Scotsman, 22 Aug 2016
  8. 8.0 8.1 Columba Encountered Loch Ness Monster, Dan Graves, Christianity.com
  9. St Columba (Colum Cille), BBC